In 2024, cuireadh i dtábhacht i dtuarascálacha ó Enrico Letta agus Mario Draghi go bhfuil sé ríthábhachtach d’iomaíochas na hEorpa margadh aonair fíor-chomhtháite a chruthú. I mí Aibreáin 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún straitéis chothrománach maidir leis an margadh aonair a fhorbairt faoi mhí an Mheithimh 2025. Sna conclúidí a ghlac an Chomhairle Iomaíochais agus Fáis i mí na Bealtaine 2024, iarradh ar an gCoimisiún straitéis chothrománach nua a ghlacadh chun ilroinnt a laghdú agus chun an margadh aonair a chomhlánú, lena n-áirítear treochlár ina bhfuil amlínte agus garspriocanna soiléire le haghaidh gníomhaíochtaí práinneacha nithiúla.
I mí Eanáir 2025, mar ullmhúchán don Straitéis seo maidir leis an Margadh Aonair, chuaigh an Coimisiún Eorpach i gcomhairle le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara trí phróiseas ar a dtugtar Glao ar Fhianaise. Leis an gcomhairliúchán seo, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún faisnéis a fháil maidir le feidhmiú an mhargaidh aonair, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:
• bacainní ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí sa mhargadh aonair agus bealaí féideartha chun aghaidh a thabhairt orthu;
• dúshláin rialála agus riaracháin sa mhargadh aonair agus gníomhaíochtaí beartais féideartha chun aghaidh a thabhairt orthu;
• rialachas cothrománach an mhargaidh aonair agus forfheidhmiú a rialacha, agus tionscnaimh a d’fhéadfaí a dhéanamh chun iad a fheabhsú.
Ina fhreagairt ar an nGlao seo ar Fhianaise, déanann ACE tograí chun creat rialála an Aontais a bharrfheabhsú, lena n-áirítear: an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla, an Treoir maidir le Tástáil Chomhréireachta, an Táscaire Sriantachta Rialála, na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí, an Treoir maidir le Seirbhísí sa Mhargadh Inmheánach.