Uirlis ghréasáin chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar fud na hEorpa.
Is é príomhchuspóir Fhaireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh (BSO) faisnéis agus sonraí trédhearcacha iontaofa a chur ar fáil maidir le stoc foirgneamh an Aontais. Tacaíonn sé sin le faireachán a dhéanamh ar bheartais agus ar bhearta fuinnimh reatha an Aontais agus cuirfidh sé le ceapadh beartas amach anseo.
Cumhdaíonn an BSO raon leathan ábhar a bhaineann le fuinneamh agus cuireann sé sonraí ar fáil maidir le réimsí a bhaineann le foirgnimh: stoc foirgneamh, tomhaltas fuinnimh, gnéithe tógála agus córais theicniúla foirgneamh suiteáilte, teastais feidhmíochta fuinnimh, foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de agus rátaí athchóirithe, ach gnéithe bochtaineachta fuinnimh agus maoinithe freisin.